Limacorporate SMART SPACE 3D Mode D'emploi page 172

Table des Matières

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 35
Sa chás go n-úsáidtear iad, féadfar smionagar ábhair teacht as druileáil agus gearradh. Tar éis na céime sin,
glan an suíomh máinliachta go cúramach agus fíoraigh nach bhfuil aon smionagar ann.
3.3. DROCHÉIFEACHTAÍ FÉIDEARTHA
Drochéifeacht choitianta tar éis an ghnáthaimh máinliachta is ea an fhreagairt athlastach. Féadfar go mbeidh
freagairt athlastach, hipiríogaireacht nó frithghníomh ailléirgeach ann má thugtar ábhair choimhthíocha
isteach.
Is féidir drochéifeachtaí eile a aimsiú i dTreoracha um Úsáid an SMR Shoulder System agus i dTreoracha
um Úsáid an SMR TT Hybrid Glenoid System. Féadfar go dtiocfaidh na drochéifeachtaí sin aníos le linn
artraplaiste gualainne leis na hionphlanduithe thuasluaite, a ionphlandaítear trí bhíthin an Smart SPACE 3D
Positioners system.
Sa chás go dtarlódh drochtheagmhais, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an t-othar teagmháil lena lia-
chleachtóir ginearálta nó lena mháinlia ortaipéideach le haghaidh tuilleadh measúnú leantach cliniciúil.
4. STEIRILÍOCHT
Is i riocht glanta agus NEAMHSTEIRIÚIL a sholáthraítear na feistí atá san áireamh sa Smart SPACE 3D
Positioners system. Steiriligh na feistí sula n-úsáidfí iad trí steiriliú gaile réamhfholúis a úsáid, de réir na
bparaiméadar a luaitear sa doiciméad seo.
Soláthraítear na feistí i spagaí dúbailte chun rialú ualaigh bhithigh a chinntiú. Sa chás go mbeadh an
phacáistíocht damáistithe nó oscailte, ní fhéadfar an fheiste a úsáid agus ní mór í a chur ar ais chuig
LimaCorporate.
Ní mór an phacáistíocht sheachtrach (bosca cairtchláir) a bhaint sula ndéanfaí an próiseas steiriliúcháin.
Steiriligh na feistí leis an spaga dúbailte.
Molann LimaCorporate go n-úsáidfí ceann amháin de na modhanna steiriliúcháin gaile réamhfholúis seo a
leanas (táblaí 1, 2 agus 3):
Teocht steiriliúcháin
Tréimhse steiriliúcháin
Tréimhse triomúcháin
172
Tábla 1 – Modh an steiriliúcháin gaile réamhfholúis
134°C (273.2°F)
3 nóiméad
20 nóiméad

Publicité

Table des Matières
loading

Produits Connexes pour Limacorporate SMART SPACE 3D

Table des Matières