Limacorporate SMART SPACE 3D Mode D'emploi page 165

Table des Matières

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 35
I R I S H - G AEIL GE
TREORACHA UM ÚSÁID – SMART SPACE 3D POSITIONERS SYSTEM
Roimh dó táirge de chuid LimaCorporate a úsáid, ba cheart don mháinlia athbhreithniú cúramach a dhéanamh
ar na moltaí, na rabhaidh agus na treoracha seo a leanas, agus ar an bhfaisnéis tháirge-shonrach atá ar fáil
(e.g.: Cás-Tuairisc).
1. FAISNÉIS FAOIN TÁIRGE
Maidir leis na feistí atá san áireamh sa Smart SPACE 3D Positioners system, is feistí saincheaptha iad a
soláthraíonn LimaCorporate iad, agus atá deartha go sonrach ar anatamaíocht an othair nó atá ina léiriú uirthi.
Tá siad deartha i gcomhréir le hoideas scríofa le duine atá údaraithe ag an dlí náisiúnta de bhua cháilíochtaí
gairmiúla an duine sin, rud lena dtugtar saintréithe sonracha dearaidh, faoi fhreagracht an duine sin, agus
nach bhfuil beartaithe lena n-úsáid ach amháin ag othar ar leith chun freastal ar a riochtaí agus a riachtanais
aonair go heisiach.
Tá dhá ghné san áireamh sa Smart SPACE 3D Positioners System: na 3D Positioners (uirlisí atá sonrach
don othar) agus na Mionsamhlacha Anatamaíocha 3T (mionsamhlacha anatamaíocha atá sonrach don othar)
arna ndearadh trí bhíthin an Phleanálaí Gualainne Smart SPACE. Is éard is Smart SPACE Shoulder Planner
ann ná bogearraí neamhspleácha atá beartaithe lena n-úsáid mar phleanálaí réamh-mháinliachta le haghaidh
obráid ortaipéidí gualainne.
Tá an Smart SPACE 3D Positioners system beartaithe lena úsáid le haghaidh othair aosaithe ar iarrthóirí ar
obráid athchuir gualainne iad agus is é an aidhm atá leis déanamh na hobráide agus socrú na feiste leighis
ionphlandaithe a shimpliú agus a fheabhsú, agus an teicníc mháinliachta á pearsantú ar bhonn othar aonair.
Is deartha le haghaidh othar aonair atá na feistí atá san áireamh sa Smart SPACE 3D Positioners system.
Déantar cur síos ar a n-úsáid sa Case Report a bhaineann leis an gcás ar leith.
Is cabhair don mháinlia é an Smart SPACE 3D Positioners system agus é ag pleanáil artraplaiste anatamaíoch
agus aisiompaithe gualainne iomláine agus cumasaítear leis an plean máinliachta a aistriú le linn na hobráide.
Tá sé beartaithe lena úsáid i gcomhcheangal le comhpháirteanna/uirlisí ar le SMR Shoulder System agus
SMR TT Hybrid Glenoid System de chuid LimaCorporate iad. Ní féidir feistí de chuid an SMR Shoulder system
agus an SMR TT Hybrid Glenoid system a úsáid i gcomhcheangal le feistí de chuid monaróirí eile. Níor
cheart an Smart SPACE 3D Positioners system a úsáid le comhpháirteanna ó chórais eile nó atá bainteach
le huirlisí eile.
Tá an Smart SPACE Shoulder Planner beartaithe lena úsáid ag máinlia ortaipéideach a bhfuil taithí chliniciúil
aige ar mháinliacht athchuir gualainne chun cinntí a dhéanamh ar shuíomh, treoshuíomh agus méid an
ionphlandaithe. Le haghaidh faisnéis mhionsonraithe faoi, féach na Treoracha Úsáide um an Smart SPACE
Shoulder Planner.
165

Publicité

Table des Matières
loading

Produits Connexes pour Limacorporate SMART SPACE 3D

Table des Matières