Limacorporate SMART SPACE 3D Mode D'emploi page 171

Table des Matières

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 35
3.2.2. NA 3D POSITIONERS A FHEISTIÚ
Deartar 3D Positioners chun anatamaíocht an othair, an t-ionphlandú pleanáilte agus na huirlisí tiomnaithe
miotail a fheistiú. Ba cheart go mbeadh an dromchla tacaíochta (cnámh, loingeán, fíochán bog) comhionann
go hiomlán lena dtuairiscítear sa Case Report, ar mhaithe le feistiú cuí an 3D Positioner a chinntiú. Tóg go
leor ama chun an 3D Positioner a fheistiú ar an othar. Léirítear sa Case Report suíomh an 3D Positioner i
gcomparáid leis an anatamaíocht mórthimpeall. Bain triail as suíomhanna difriúla agus seiceáil an bhfanann
an 3D Positioner in áit nó nach bhfanann. Roghnaigh an suíomh is seasmhaí, áit nach dteastaíonn ach an
brú is ísle chun an 3D Positioner a choinneáil in áit. Ná brúigh an 3D Positioner síos leis an iomarca fórsa.
Cinntigh nach ndéanfaí damáiste do struchtúir chriticiúla anatamaíocha le linn an fheistithe. Féadfar feistiú an
3D Positioner a thástáil ar an 3D Anatomical Model roimh obráid.
Nuair a fhaightear suíomh seasmhach an 3D Positioner, greamaigh é le pionnaí greamaithe nó scriúnna
greamaithe (más ann).
Mura féidir an 3D Positioner a shocrú ar an othar i suíomh uathúil agus seasmhach, ní chinnteoidh an fheiste
go n-aistreofar an phleanáil réamhobráide go cruinn. Fiú i suíomh seasmhach, féadfar nach ndéanfaidh an
3D Positioner teagmháil le fad iomlán na cnáimhe, ós rud é nach féidir gach ceann de na foghearrthacha a
réiteach i ngach cás. Bíonn na foghearrthacha ag brath ar anatamaíocht an othair. Le linn dhearadh an 3D
Positioner, coinnítear an líon foghearrthacha chomh híseal agus is féidir chun an teagmháil is mó idir an
dromchla cnáimhe agus an fheiste a chinntiú. Tá sé sin tábhachtach chun go ndéanfaí an t-ionphlandú a shuí
san áit cheart. Baineann ríthábhacht le suí/socrú ceart an ionphlandaithe. Má dhéantar comhpháirteanna
an ionphlandaithe a roghnú, a shuí, a ailíniú agus a ghreamú go míchuí, féadfar go dtiocfaidh dálaí
neamhghnácha struis chun cinn, ar dálaí iad a d'fhéadfadh drochthionchar a imirt ar fheidhmíocht an chórais
agus ar ráta marthanais an ionphlandaithe.
3.2.3. CÉIM AN GHEARRTHÁ AGUS/NÓ NA DRUILEÁLA
Sa chás go mbeidh gearradh agus/nó druileáil ag teastáil, cinntigh go bhfanfaidh an 3D Positioner ina áit ar an
dromchla teagmhála le linn an ghearrtha agus/nó na druileála.
Ba cheart gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú nach nginfear an iomarca teasa le linn an
ghearrtha agus/nó na druileála. Féach ar na nósanna imeachta a léirítear sa Case Report arna soláthar ag
an monaróir.
Ná húsáid lann sáibh atá níos tibhe ná tiús léirithe an tsliotáin gearrtha, más ann.
Ná húsáid K-sreang/druilire atá níos mó ná an trastomhas léirithe nó an poll ar an 3D Positioner. Liostaítear sa
Case Report trastomhais na K-sreang/na ndruilirí atá le húsáid.
Cinntigh go leanann an lann sáibh an dromchla gearrtha nó an sliotán gearrtha chun oistéatóime cheart a fháil
agus chun nach ngearrfar isteach i ndromchla gearrtha nó sliotán gearrtha na treorach.
Ós rud é gur mó trastomhais inmheánacha na bpoll K-sreinge/druilire ná trastomhas na K-sreinge/an druilire,
déan iarracht druileáil ar feadh lárlíne na bpoll K-sreinge/druilire chun poll ceart a fháil agus chun a chinntiú
nach ndruileálfaí isteach i mballa inmheánach an phoill K-sreinge/druilire.
Le linn na druileála, uiscigh chun an teas a laghdú.
171

Publicité

Table des Matières
loading

Produits Connexes pour Limacorporate SMART SPACE 3D

Table des Matières