Limacorporate SMART SPACE 3D Mode D'emploi page 166

Table des Matières

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 35
1.1. ÁBHAIR
Is déanta as Polaimíd (PA 2200) atá na feistí atá san áireamh sa Smart SPACE 3D Positioners system.
Féadfar go mbeidh hipiríogaireacht nó ailléirge ar roinnt othar i leith ábhair na bhfeistí; ba cheart don mháinlia
é sin a bhreithniú go cuí.
1.1.1. SUBSTAINTÍ MÍOCHAINE AGUS FÍOCHÁN
Ní chuimsítear ná ní chuirtear san áireamh san fheiste aon cheann de na nithe seo:
• substaintí míochaine, lena n-áirítear díorthach ó fhuil nó plasma an duine, • fíocháin nó cealla de bhunadh
daonna, nó a ndíorthaigh • fíocháin nó cealla de bhunadh ainmhíoch, nó a ndíorthaigh, dá dtagraítear i
Rialachán (AE) Uimh. 722/2012.
1.2. LÁIMHSEÁIL, STÓRÁIL AGUS DIÚSCAIRT SHÁBHÁILTE
Soláthraítear an Smart SPACE 3D Positioners system i riocht NEAMHSTEIRIÚIL. Ba cheart na feistí a stóráil
ag teocht chomhthimpeallach (raon táscach 0-50° C / 32-122° F) ina bpacáistíocht dhúnta chosantach i
seomraí atá faoi rialú (áit thirim atá glanta go cuí), agus iad cosanta ar nochtadh do sholas, do theas agus
d'athruithe tobanna ar an teocht.
A luaithe a osclófar an pacáiste, cinntigh go mbeidh na huimhreacha aitheantais ar na feistí ag teacht leis an
gcur síos atá priontáilte ar na lipéid. Taispeántar an uimhir chéanna aitheantais ar an Case Report. Ná hoscail
an phacáistíocht ach amháin sula n-ullmhófar an 3D Positioner nó na 3D Positioners agus an 3D Anatomical
Model nó na 3D Anatomical Models le haghaidh obráide.
Seachain aon teagmháil idir na feistí agus míreanna nó substaintí ar féidir leo sláine an dromchla agus, má
bhaineann sé le hábhar, an riocht steiriúil a athrú. Moltar go ndéanfaí scrúdú cúramach ó amharc ar gach
feiste sula n-úsáidfí í chun a fhíorú nach bhfuil an fheiste damáistithe. Níor cheart comhpháirteanna a
bhaintear ón bpacáiste a úsáid sa chás go ligtear dóibh titim nó go bhfulaingíonn siad tráma/tionchar
timpisteach eile. Níor cheart feistí a mhodhnú ar bhealach ar bith.
Ní ceadmhach an Smart SPACE 3D Positioners system a athúsáid. Is iad seo na rioscaí atá bainteach
le feistí aonúsáide a athúsáid: • damáiste don fheiste i gcás athphróiseála (ní bhaineann forghníomhú
na hathphróiseála le hábhar); • socrú mícheart na feiste leighis in-ionphlandaithe.
Tar éis iad a úsáid, ba cheart na feistí a láimhseáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta cuí agus bailíochtaithe
ospidéil. Tá diúscairt an Smart SPACE 3D Positioners system le déanamh ag na hospidéil i gcomhréir leis
na dlíthe is infheidhme.
1.3. ÚSÁID NA FEISTE
Tá an Smart SPACE 3D Positioners system deartha de réir nósanna imeachta inmheánacha lena
gcumasaítear go leanfaí an próiseas forbartha i gcomhréir leis na caighdeáin agus na rialacháin is infheidhme.
Deartar na feistí trí bhíthin an Smart SPACE Shoulder Planner, rud lena gcuirtear ar chumas an mháinlia 3D
Positioners agus 3D Anatomical Models a chruthú, agus anatamaíocht an othair a atáirgeadh. Forbraítear
dearadh na 3D Positioners leis na bogearraí ar bhonn anatamaíocht an othair. Léirshamhlaíonn an máinlia
166

Publicité

Table des Matières
loading

Produits Connexes pour Limacorporate SMART SPACE 3D

Table des Matières