Télécharger Imprimer la page

Formlabs IBT Flex Resin Mode D'emploi page 29

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 6
C. NÍOCHÁN
Cuir na páirteanna priontáilte in aonad níocháin atá deimhnithe de réir Formlabs le hAlcól Iseapróipile
(IPA) 99%.
1. Form Wash or Form Wash L:
a. Nigh an t-aonad níocháin ar feadh 20 nóiméad, ansin sruthlaigh na codanna go hiomlán le IPA
úr ó bhuidéal spraeála, nó cuir na páirteanna ar maos san IPA úr ar feadh 10 nóiméad.
b. Mura bhfuil cuma ghlan ar na páirteanna tar éis iad a ní, smaoinigh ar thuaslagóir úr a chur in
áit an Alcóil Iseapróipile úsáidte.
D. TRIOMÚ
1. Tóg na páirteanna amach as an Alcól Iseapróipile agus lig dóibh triomú faoin aer ag teocht an
tseomra ar feadh 30 nóiméad ar a laghad. NÓTA: D'fhéadfadh difríocht a bheith san am a thógann
sé orthu triomú ag brath ar dhearadh na bpáirteanna agus ar na coinníollacha comhthimpeallacha.
Ná fág na páirteanna ar bogadh in Alcól Iseapróipile níos faide ná mar is gá.
2. Déan iniúchadh ar na páirteanna priontáilte chun a chinntiú go bhfuil na páirteanna glan agus tirim.
Níor chóir go mbeadh tuaslagóir iarmharach, roisín leachtach sa bhreis nó iarmhar cáithníní ar bith
fágtha ar an dromchla sular leanfaidh ar aghaidh leis na céimeanna ina dhiaidh sin.
3. Má tá tuaslagóir iarmharach fós ann, triomaigh na páirteanna ar feadh tuilleadh ama. Má tá iarmhar
roisín fós le feiceáil, nigh na páirteanna arís go mbeidh siad glan agus tirim.
E. IAR-LEASÚ
Cuir na páirteanna prionteáilte in aonad iar-leasaithe dearbhaithe Formlabs agus leasaigh ar feadh an
méid ama atá de dhíth.
1. Form Cure nó Form Cure L:
a. Tum páirteanna i gcoimeádán trédhearcach, líonta le huisce. Cuir an coimeádán laistigh den
aonad leasaithe, agus leasaigh ar feadh 30 nóiméad ag 70 °C.
b. Lig don aonad leasaithe fuarú go teocht an tseomra idir timthriallta leasaithe.
2. Fast Cure: Socruithe optamacha Fast Cure ag teacht go luath.
F. TACA A BHAINT & SNASÚ
1. Bain na tacaí le greamairí gearrtha nó uirlisí bailchríocha cuí eile de réir mar is gá.
2. Déan iniúchadh ar pháirteanna i gcomhair scoilteanna. Faigh réidh leo má aimsítear aon damáiste
nó scoilteanna.
G. GLANADH & DÍGHALRÚ
1. Is féidir na páirteanna a ghlanadh agus a dhíghalrú de réir prótacail saoráide. Modh díghalraithe
tástáilte: tum an pháirt chríochnaithe in IPA úr 70% ar feadh 5 nóiméad. Ná fág an pháirt sa
tuaslagán alcóil ar feadh níos mó ná 5 nóiméad.
2. Tar éis glanadh agus díghalrú a dhéanamh, déan iniúchadh ar an bpáirt féachaint an bhfuil
aon damáiste nó scoilteanna chun a chinntiú go gcomhlíonann dearadh na páirte riachtanais
feidhmíochta. Faigh réidh léi má aimsítear aon damáiste nó scoilteanna.
H. RIACHTANAIS BHREISE AGUS MOLTAÍ MAIDIR LE HÚSÁID
1. Maidir le tráidirí a úsáidtear le haghaidh teicnící athchóiritheacha treoraithe, cuir oibreán deighilte
chun greamaitheacht an tráidire le hábhair chomhchodacha a laghdú.
I. GUAISEACHA, STÓRÁIL & DIÚSCAIRT
1. Níl contúirt ag baint le roisín cruaite agus is féidir é a dhiúscairt sa ghnáthdhramhaíl.
2. Féach ar an SDS chun tuilleadh eolais a fháil ag support.formlabs.com.

Publicité

loading

Produits Connexes pour Formlabs IBT Flex Resin