Télécharger Imprimer la page

Pepperl+Fuchs Tab-Ex 05 DZ1 Mode D'emploi page 36

Publicité

(IE) Lámhleabhar maidir le sábháilteacht pléasctha Tab-Ex
1. Réamhchúraimí sábháilteachta
Tá faisnéis agus rialacháin sábháilteachta sna treoracha sábháilteachta seo agus ní mór cloí
leo. D'fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann agus d'fhéadfaí rialacháin a shárú
mura gcloítear leis an bhfaisnéis agus leis na treoracha seo. Léigh na treoracha sábháilte-
achta seo go cúramach roimh an ngléas a úsáid den chéad uair! I gcás ina mbeidh míreanna
faisnéise ag teacht salach ar a chéile, beidh tosaíocht ag na sonraí a shonraítear sa lámhleab-
har maidir le sábháilteacht pléasctha. Má bhíonn aon amhras ann (mar thoradh ar earráidí
aistriúcháin nó clódóireachta), beidh feidhm ag an téacs sa Bhéarla.
2. Lochtanna agus damáiste:
Más ann d'aon chúis amhrais gur cuireadh isteach ar shábháilteacht an ghléis, ní mór éirí as
an ngléas a úsáid agus é a thógáil amach láithreach as limistéar na guaise. Ní mór bearta a
ghlacadh ionas nach n-úsáidfear é trí thimpiste sa láthair ghuaiseach. D'fhéadfaí go gcuirfí
isteach ar shábháilteacht an ghléis, mar shampla más rud é:
go bhfuil damáiste le feiceáil ar an gcásáil.
go dtarlaíonn mífheidhmeanna.
gur stóráladh an gléas ar bhealach míchuí.
nach féidir marcálacha nó inscríbhinní ar an ngléas a léamh.
gur sáraíodh na teorainnluachanna ceadaithe.
3. Sonraí deimhniúcháin:
Marcáil ATEX:
Marcáil Ex maidir le gás:
Marcáil Ex maidir le deannach:
Teocht chomhthimpeallach:
Uimh. Dheimhniú ATEX: EPS 24 ATEX 1 228 X
Uimh. Dheimhniú IECEx: IECEx EPS 24.0082X
Rabhaidh:
RABHADH – NÁ HOSCLAÍTEAR AN GLÉAS I LÁTHAIR GHUAISEACH
RABHADH – NÁ LUCHTAIGH AN CEALLRA AR AN LÁTHAIR GUAISEACH
Coinníollacha sonracha úsáide (X-coinníollacha):
Ná deisítear na hailt lasairdhíonacha
Ní mór an gléas a chosaint i gcoinne tionchair ardfhuinnimh.
Ná húsáidtear an gléas i ndlúthghaireacht do phróisis ina dtáirgtear luchtanna leictreastata-
cha arda.
† II 2GD
Ex db ia IIC T6 Gb
Ex tb ia IIIC T80°C Db
-20 °C ≤ Ta ≤ +55 °C
36
05 DZ1 ATEX/IECEx
®

Publicité

loading