Sula bpriontálfaidh tú seo, féach ar an Treoir Déantúsaíochta agus ar an treoir faoi ábhair fhorchurtha
fhiaclóireachta maidir leis an ábhar seo ar support.formlabs.com chun moltaí agus riachtanais
phriontála agus iar-phróiseála a fháil lena chinntiú go n-úsáidfear an t-ábhar seo mar is cuí agus go
sábháilte. Chun eolas mionsonraithe sábháilteachta agus comhshaoil a fháil, tá an Bhileog Sonraí
Sábháilteachta ar fáil ag support.formlabs.com.
I. Réamhrá agus Treoracha Úsáide
RÉAMHRÁ AGUS AN FHEIDHM BHEARTAITHE
Is roisín polaiméirbhunaithe solas-leasaithe é IBT Resin atá curtha in oiriúint do dhéantúsaíocht
fhearais dhéadacha agus ortódóntacha atá bithchomhoiriúnach, oiriúnach d'úsáid gearrthéarmach
agus inbhainte trí dhéantúsaíocht bhreisithe a bheith déanta orthu. Tá sé ceaptha chun priontáil 3T
a dhéanamh ar fhearais dhéadacha agus ortódóntacha amhail tráidirí nascála indíreacha.
TREORACHA ÚSÁIDE
Is roisín fótapolaiméire é IBT Resin ar féidir é a úsáid chun tráidirí nascála indíreacha a phriontáil.
FRITÁSCA
Ná húsáidtear IBT Resin má tá ailléirgí ar eolas nó má tá stair hipiríogaireachta ar roisíní fótapolaiméire.
I gcás frithghníomhú ailléirgeach, stop dá úsáid láithreach bonn agus téigh i gcomhairle le dochtúir.
POBAL OTHAR AR A BHFUIL SÉ DÍRITHE
Gach othar agus pobal inar oideasaigh cliniceoir cóir leighis a bhaineann leis an aidhm atá beartaithe léi.
ÚSÁIDEOIRÍ AR A BHFUIL SÉ DÍRITHE
Gairmithe fiaclóireachta a dhéanann fearais fhiaclóireachta.
BUNTÁISTE CLINICIÚIL
Is é an buntáiste cliniciúil a bhaineann le IBT Resin go bhfuil sé in ann tráidirí nascála indíreacha atá
sainiúil don othar a phriontáil.
II. Sábháilteacht
RABHAIDH A BHAINEANN LE ROISÍNÍ
•
Tá monaiméirí ar féidir polaiméir a dhéanamh dóibh sa IBT Resin (neamhleasaithe).
•
Léigh bileog sonraí sábháilteachta IBT Resin maidir le guaiseacha a bhaineann le roisín leachtach
ag support.formlabs.com.
RÉAMHCHÚRAIMÍ I DTAOBH ÚSÁIDE ROISÍN
•
Ba chóir spéaclaí cosanta agus lámhainní nitríle a chaitheamh agus roisín á láimhseáil agat. Chun
eolas a fháil ar IBT Resin a láimhseáil, léigh an bhileog sonraí sábháilteachta ag support.formlabs.com.
EOLAS MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT OTHAR
•
Ní foláir don othar an cliniceoir a chur ar an eolas faoi aon ailléirge nó aon hipiríogaireacht i leith
roisín fótapolaiméire a chuaigh dó nó di roimhe seo.
•
I gcás frithghníomhú ailléirgeach, stop dá úsáid láithreach bonn, agus téigh i gcomhairle le dochtúir.
•
Ná húsáid fearais a bhfuil damáiste déanta dóibh nó a bhfuil scoilteanna iontu.
•
Má tá cuma thar a bheith caite ar na fearais nó má bhíonn scrios nó pollta iontu, ba chóir iad
a athrú chun teip ábhair agus/nó gortú colainne a d'fhéadfadh tarlú a sheachaint.
III. Tréithe Feidhmíochta
Tá mioneolas ar áirí meicniúla an ábhair seo le fáil i mbileoga sonraí teicniúla ar support.formlabs.com.
Rinneadh measúnú ar IBT Resin i gcomhréir le ISO 10993-1:2020, agus ISO 7405:2018 agus comhlíonann
sé na tastálacha bithchomhoiriúnachta ar fad is infheidhme.
IV. Saincheisteanna Déantúsaíochta
Féach ar an Treoir Déantúsaíochta ag support.formlabs.com chun moltaí agus riachtanais phriontála
a fháil lena chinntiú go n-úsáidfear an t-ábhar mar is cuí agus go sábháilte.
•
Crua-earraí: Printéir 3T Formlabs agus oiriúintí
•
Bogearraí: PreForm Formlabs